

|
Current News |
Is Ionad Oideachais Faoin Aer (OEC) é Ceapaigh na Lao a fheidhmíonn faoi choimirce Sheirbhís Oideachais Chiarraí. Díríonn an tIonad ar an bhforbairt phearsanta trí úsáid a bhaint as spóirt eachtraíochta. Cuireann teagascóirí atá ardcháilithe cláir ar fáil a chumhdaíonn raon iomlán spórt eachtraíochta agus gníomhaíochtaí staidéir allamuigh. Gach ceann de na cláir atá againn, cuireann siad tallainn agus scileanna na ndaltaí ar a súile dóibh agus déantar forbairt orthu. Is minic nach mbíonn a fhios ag na daltaí féin go bhfuil na scileanna ná na tallainn sin acu. Dírímid ar obair foirne freisin agus ar an gcaoi ar féidir leis an duine aonair cur le héifeachtacht foirne. Sna cláir atá againn bainimid úsáid as an oideachas eachtraíochta agus as eispéiris allamuigh / fiántais chun cur le torthaí na foghlama.
Reáchtálaimid cláir spóirt eachtraíochta a bhíonn ar oscailt don phobal i gcoitinne chomh maith. Cuirimid deiseanna ar fáil a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí spóirt eachtaíochta agus chun scileanna a fhorbairt chucu. Is féidir le daoine aonair nó le grúpaí páirt a ghlacadh sna cúrsaí, bíodh sin gur mhaith leo taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí sláintiúla allamuigh nó go bhfuil siad ag traenáil do cháilíochtaí gairmiúla.
Ag brath ar chumais na ndaltaí, cuirimid cláir ar fáil ar leibhéal tosaigh nó ar ardleibhéal. Tuigimid go mbíonn riachtanais agus cuspóirí foghlama difriúla ag gach grúpa nó duine aonair. Beag beann ar d’aois, ar do chumas, ar do chuid aclaíochta nó pé acu an bhfuil tú i d’aonar nó le grúpa: Is féidir le Ceapaigh na Lao freastal ort.
Cláraigh do nuachtlitir Cheapaigh na Lao a fhoilsítear gach ráithe.